Tuarascáil ar Chuntais na Seirbhísí Poiblí, 2022

D’eisigh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste a Thuarascáil ar Sheirbhísí Poiblí don bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2022.

Déileáiltear leis an méid seo sa tuarascáil

  • aon nithe is dóigh liom atá iomchuí a thuairisciú mar gheall ar mo chuid iniúchtaí ar na cuntais leithreasa arna n-ullmhú ag na hOifigigh Chuntasaíochta de chuid ranna agus oifigí an rialtais maidir leis na leithreasaí arna vótáil ag Dáil Éireann don bhliain airgeadais roimhe sin
  • aon nithe is dóigh liom atá iomchuí a thuairisciú ag eascairt as mo chuid imscrúduithe ar na rialuithe inmheánacha airgeadais atá á bhfeidhmiú ag ranna agus ag oifigí rialtais (sa bhliain airgeadais reatha nó roimhe) d’fhonn rialtacht a n-idirbheart airgeadais a chinntiú, cruinneas a gcuid íocaíochtaí agus fáltas, iontaofacht agus iomláine a gcuid taifid chuntasaíochta agus cosaint na sócmhainní atá faoina n-úinéireacht agus rialaithe acu

  • torthaí na n-imscrúduithe a rinne mé ar na cuntais ar an ioncam ar fad a bhailíonn na Coimisinéirí Ioncaim – áirítear leis na himscrúduithe sin measúnú ar cibé acu an bhfuil na cuntais iomlán agus cruinn, agus cibé acu an bhfuil córais, nósanna imeachta agus cleachtais curtha ar bun agus i bhfeidhm ag na Coimisinéirí Ioncaim, atá leordhóthanach chun seiceáil éifeachtach a dhéanamh ar mheasúnú, bailiú agus leithdháileadh ceart an ioncaim.

Tá an tuarascáil ar fáil thíos

Tuarascáil ar Chuntais na Seirbhísí Poiblí 2022 

    1. Toradh airgeadais an Státchiste don bhliain 2022

    2. Idirbhearta AE na hÉireann a thuairisciú

    3. Maoiniú d'údaráis áitiúla ón rialtas láir

    4. Cuntasacht as maoiniú lárnach na n-údarás áitiúil

    5. Cuntasaíocht vóta agus bainistíocht buiséid

    6. Seirbhísí comhroinnte bainistíochta airgeadais: dul chun cinn ar chur i bhfeidhm

    7. An tseirbhís pasanna a athrú ó bhonn

    8. Feidhmíocht scéimeanna áirithe iarfheistithe áiteanna cónaithe

    9. Cibearshlándáil san earnáil phoiblí a mheas

   10. Bainistíocht eastáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara

   11. Láithreáin na Scéime Comhiomlánaithe Talún a Úsáid

   12. Bainistíocht stoic in Óglaigh na hÉireann

   13. Rialtacht íocaíochtaí leasa shóisialaigh

   14. Íocaíochtaí ex-gratia le bainisteoirí brainse leasa shóisialaigh

   15. Ró-íocaíochtaí leasa shóisialaigh a ardú

   16. Ró-íocaíochtaí leasa a aisghabháil

   17. Athbhreithniú achtúireach ar an gCiste Árachais Shóisialaigh

   18. Maoiniu agus tuairisciú airgeadais Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte 

   19. An Ciste Náisiúnta Oiliúna

   20. Measúnacht a dhéanamh ar Cháin Mhaoine Áitiúil agus í a bhailiú

   21. Scéim Stórasaithe Fiachais Cánach na gCoimisinéirí Ioncaim

   22. Caillteanais cánach corparáide

   23. Cuntais Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta

   24. Feidhmíocht an chiste eascró Éire-Apple

   25. Comhairle Chomhairleach Bhuiséadach na hÉireann